|
+Airteagal 40 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 |
Airteagal 40 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009Airteagal 40 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar seo a leanas:
(1)
In aithris 22 agus in aithris 41, in Airteagal 8c agus i bpointe 1 de Chuid II de Roinn D d’Iarscríbhinn I, cuirtear “ionstraim urrúsúcháin” in ionad “ionstraim airgeadais struchtúraithe”.
(2)
In aithris 34 agus aithris 40, in Airteagal 8(4), 8c, Airteagal 10(3) agus Airteagal 39(4) chomh maith leis an cúigiú fomhír de phointe 2 de Roinn A d’Iarscríbhinn I, teideal agus pointe 2 de Chuid II de Roinn D d’Iarscríbhinn I, pointí 8, 24 agus 45 de Chuid I d’Iarscríbhinn III agus pointe 8 de Chuid III d’Iarscríbhinn III cuirtear “ionstraimí urrúsúcháin” in ionad “ionstraimí airgeadais struchtúraithe”.
(3)
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír “Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáidí d’eisitheoirí, agus do thríú páirtithe gaolmhara atá bunaithe san Aontas i leith ionstraimí urrúsúcháin.”
(4)
in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):
“(l)
ciallaíonn “ionstraim urrúsúcháin” ionstraim airgeadais nó sócmhainní eile a eascraíonn ó idirbheart nó scéim urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2017/2402 [Rialachán urrúsúcháin].”
(5)
scriostar Airteagal 8b.
(6)
i bpointe (b) d’Airteagal 4(3), i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 5(6) agus in Airteagal 25a, scriostar an tagairt d’Airteagal 8b. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|