5. Scrúdóidh an t-údarás réitigh an plean téarnaimh chun aon bhearta a shainaithint a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’inréititheacht an CPL. I gcás ina sainaithneofar aon bhearta den sórt sin, déanfaidh an t-údarás réitigh aird an údaráis inniúil a tharraingt orthu agus cuirfidh sé moltaí faoi bhráid an údaráis inniúil maidir le bealaí chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchar na mbeart sin ar inréititheacht an CPL, laistigh de dhá mhí ón bplean téarnaimh a bheith tarchurtha ag an údarás inniúil.