8. I gcás inarb amhlaidh, faoi dheireadh na tréimhse ceithre mhí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, nach dtiocfar ar chinneadh comhpháirteach agus ina n-easaontóidh tromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil vóta acu le togra an údaráis réitigh i leith cinneadh comhpháirteach maidir le hábhar dá dtagraítear i bpointe (j), (l) nó (o) d’Airteagal 16(7) den Rialachán seo, féadfaidh aon duine de na comhaltaí lena mbaineann a bhfuil vóta acu, ar bhonn an tromlaigh sin, an t-ábhar sin a chur faoi bhráid ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Fanfaidh údarás réitigh an CPL leis an gcinneadh arna dhéanamh ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus déanfaidh sé cinneadh i gcomhréir le cinneadh ESMA.
Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Glacfaidh ESMA a chinneadh laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuige. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ESMA má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtagann ESMA ar chinneadh laistigh d’aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh an údaráis réitigh.