2. Déanfar an bhainistíocht shinsearach nua nó an bord nua a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus déanfar sin faoi réir fhormheas nó thoiliú an údaráis inniúil. I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil nach leor é mar bheart an lucht bainistíochta sinsearaí nó an bord dá dtagraítear san Airteagal seo a ionadú, féadfaidh sé riarthóir sealadach amháin nó níos mó a cheapadh don CPL chun teacht in ionad bhord agus lucht bainistíochta sinsearaí an CPL nó chun bheith ag obair leo ar bhonn sealadach. Beidh na cáilíochtaí, an cumas agus an t-eolas is gá ag aon riarthóir sealadach chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh agus beidh sé nó sí saor ó aon choinbhleacht leasa.