2. Déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an t-ord ina gcaithfear cúiteamh a íoc, an t-uaslíon iomchuí blianta agus an sciar uasta iomchuí de bhrabúis bhliantúla an CPL dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.