2. Féadfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh a dhiallann ó na prionsabail a leagtar amach i bpointí (d) nó (e) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh údar leis ar mhaithe le leas an phobail d’fhonn na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus nuair is comhréireach é leis an riosca dá dtugtar aghaidh air. Mar sin féin, i gcás ina dtabhóidh scairshealbhóir, comhalta imréitigh nó aon chreidiúnaí eile caillteanais ar mó iad ná na caillteanais a bheadh tabhaithe aige sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 60 mar thoradh ar an diall sin, beidh feidhm ag an teidlíocht chun íocaíocht na difríochta faoi Airteagal 62.