7. Féadfaidh an t-údarás réitigh na cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais a aistríodh chuig an CPL idirlinne a aistriú ar ais chuig an CPL faoi réiteach, nó féadfaidh sé na hionstraimí úinéireachta a aistriú ar ais chuig na húinéirí ar leo iad i dtosach i gcás ina bhforálfar don aistriú sin go sainráite san ionstraim lena ndéantar an t-aistriú dá dtagraítear i mír 1.
I gcás ina mbainfidh an t-údarás réitigh úsáid as an gcumhacht aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sé d’oibleagáid ar an CPL faoi réiteach nó ar na húinéirí ar leo iad i dtosach na sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais sin a thógáil ar ais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha sa chéad fhomhír den mhír seo nó i mír 8.