2. Beidh cumhachtaí ar fad na scairshealbhóirí agus bhord an CPL ag an mbainisteoir speisialta. Ní dhéanfaidh an bainisteoir speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú ach amháin faoi rialú an údaráis réitigh. Féadfaidh an t-údarás réitigh teorainn a chur le gníomhaíochtaí an bhainisteora speisialta nó toiliú a éileamh roimh ré do ghníomhartha áirithe.
An ceapachán dá dtagraítear i mír 1 agus na téarmaí agus na coinníollacha a ghabhann leis an gceapachán sin, cuirfidh an t-údarás réitigh ar fáil don phobal é.