2. Tabharfaidh údaráis náisiúnta ábhartha aitheantas d’imeachtaí réitigh tríú tír a bhaineann le CPL tríú tír in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
soláthraíonn an CPL tríú tír seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó nó tá fochuideachtaí bunaithe aige i mBallstát amháin nó níos mó;
|
|
b)
|
tá sócmhainní, cearta nó dliteanais ag an CPL tríú tír atá lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó nó tá siad á rialú le dlí na mBallstát sin.
|
Áiritheoidh údaráis náisiúnta ábhartha forfheidhmiú na n-imeachtaí réitigh tríú tír aitheanta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.