3. Na cumhachtaí chun pionóis riaracháin nó bearta eile riaracháin a fhorchur dá bhforáiltear sa Rialachán seo, déanfar iad a bhronnadh ar údaráis réitigh nó, i gcás nach ionann iad, ar údaráis inniúla, ag brath ar chineál an tsáraithe. Beidh na cumhachtaí uile bailithe faisnéise agus imscrúdúcháin is gá ag údaráis réitigh agus údaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna faoi seach a dhéanamh. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí chun pionóis a fhorchur, rachaidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar phionóis riaracháin nó ar bhearta eile riaracháin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.