2. Foilseoidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla na pionóis riaracháin nó na bearta eile riaracháin arna bhforchur acu ar bhonn anaithnid, ar bhealach atá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, in aon cheann de na cúinsí seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás ina ngearrfar an pionós riaracháin nó an beart eile riaracháin ar dhuine nádúrtha, agus nuair a thaispeánfar go bhfuil foilsiú na sonraí pearsanta díréireach mar thoradh ar réamh-mheastachán éigeantach ar chomhréireacht an fhoilsithe sin;
|
|
(b)
|
i gcás ina gcuirfeadh an foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil nó imeachtaí coiriúla atá fós ar siúl i gcontúirt;
|
|
(c)
|
i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a dhéanamh amach, le damáiste díréireach don CPL nó do na daoine nádúrtha atá i gceist.
|
Mar rogha air sin, féadfar, sna cásanna sin, foilsiú na sonraí atá i gceist a chur siar go ceann tréimhse réasúnach, más dóigh go dtiocfaidh deireadh leis na cúiseanna a ndéanfaí an foilsiú i ndíth ainm laistigh den tréimhse sin.