2. Chun críocha mhír 1, pointe (d)(ii), féadfaidh na húdaráis inniúla:
|
(a)
|
a cheangal ar an institiúid cásanna de thurraingí amach anseo a chur i bhfeidhm maidir le fachtóirí riosca an dromchla mar a dhéantar sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;
|
|
(b)
|
a cheangal ar an institiúid luaineacht pointe sa dromchla nach fachtóir riosca é a dhíorthú;
|
|
(c)
|
a cheangal ar an institiúid luaineacht bhreathnaithe an phointe sa dromchla dá dtagraítear i bpointe (b) a fháil;
|
|
(d)
|
an luaineacht a fhaightear i gcomhréir le pointe (b) a chur i gcomparáid leis an luaineacht bhreathnaithe a fhaightear i gcomhréir le pointe (c).
|
I gcás an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (d)(ii), beidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 325bc(4), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an tréimhse struis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (c), den Rialachán sin araon mar bhonn ag na húdaráis inniúla.