+Airteagal 2a Cinntí coibhéise chun díorthaigh TAC a shainmhíniú
---+Airteagal 2a 1.
---+Airteagal 2a 2.
---+Airteagal 2a 3.
|
Airteagal 2a Cinntí coibhéise chun díorthaigh TAC a shainmhíniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2a 1.
|
Chun críocha Airteagal 2(7) den Rialachán seo, measfar margadh tríú tír a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1)(14) de Threoir 2004/39/CE i gcás ina gcomhlíonann sé ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III den Treoir sin agus ina mbeidh sé faoi réir maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach, de réir mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 2a 2.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinntear go bhfuil ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2004/39/CE á gcomhlíonadh ag margadh tríú tír agus go bhfuil sé faoi réir maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach chun críocha mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2) den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 2a 3.
|
Foilseoidh an Coimisiún agus ÚEUM, ar a láithreán gréasáin, liosta de na margaí sin a meastar iad a bheith coibhéiseach i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta go tréimhsiúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|