+Airteagal 7 Rochtain ar chontrapháirtí lárnach
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
|
Airteagal 7 Rochtain ar chontrapháirtí lárnach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Aon CPP a bheidh údaraithe chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, glacfaidh sé na conarthaí sin a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, beag beann ar an ionad trádála. Áireofar leis sin, go háirithe, go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar conas a thrádálfar conarthaí ar an ionad trádála sin a láimhseálfar sna téarmaí seo a leanas:
(a)
ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CPP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht agus/nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus
(b)
traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CPP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41.
Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Géillfidh contrapháirtí lárnach d'iarraidh fhoirmiúil ar rochtain ó ionad trádála laistigh de thrí mhí ón iarraidh sin, nó diúltóidh sé di.
|
|
Airteagal 7 3.
|
I gcás ina ndiúltaíonn contrapháirtí lárnach rochtain faoi mhír 2, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána atá leis an diúltú sin don ionad trádála.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Ach amháin sa chás ina ndéanann údarás inniúil an ionaid trádála agus údarás inniúil an chontrapháirtí lárnach rochtain a dhiúltú, déanfaidh an t-ionad trádála, faoi réir an dara fomhír, rochtain a dheonú don chontrapháirtí lárnach laistigh de thrí mhí ó chinneadh a dhéanamh lena ngéilltear d'iarraidh fhoirmiúil ó ionad trádála i gcomhréir le mír 2. Ní fhéadfaidh údarás inniúil an ionaid um fhorghníomhú agus údarás inniúil an chontrapháirtí lárnach rochtain ar chontrapháirtí lárnach a dhiúltú tar éis iarraidh fhoirmiúil a fháil ón ionad um fhorghníomhú ach amháin sa chás ina mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó sa chás ina mbeadh tionchar dochrach acu ar an riosca sistéimeach.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Déanfaidh ÚEUM aon díospóid, a eascraíonn as easaontú idir údaráis inniúla a réiteach i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 7 6.
|
Déanfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 maidir le cóireáil neamh-idirdhealaitheach faoi conas a dhéileálfar le conarthaí a thrádálfar ar ionad trádála ó thaobh ceanglas cothaobhachta agus glanluacháil ar chonarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CCP céanna a shonrú tuilleadh leis na caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 35(6)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (
16
).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|