+Airteagal 8 Rochtain ar ionad trádála
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
|
Airteagal 8 Rochtain ar ionad trádála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Déanfaidh ionad trádála fothaí trádála a sholáthar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach d'aon chontrapháirtí lárnach a údaraítear chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar a thrádáil ar an ionad trádála sin a imréiteach, arna iarraidh sin don chontrapháirtí lárnach.
|
|
Airteagal 8 2.
|
I gcás ina mbeidh iarraidh ar rochtain ar ionad trádála curtha go foirmiúil chuig ionad trádála ag contrapháirtí lárnach, tabharfaidh an t-ionad trádála freagairt don chontrapháirtí lárnach laistigh de thrí mhí.
|
|
Airteagal 8 3.
|
I gcás ina ndiúltóidh ionad trádála rochtain a thabhairt, tabharfaidh sé fógra don chontrapháirtí lárnach dá réir sin, agus tabharfaidh sé na cúiseanna ar fad atá leis sin.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Gan dochar don chinneadh ó údaráis inniúla an ionaid trádála agus ón gcontrapháirtí lárnach, ceadóidh an t-ionad trádála rochtain laistigh de thrí mhí ó thráth na freagartha dearfaí ar iarraidh ar rochtain. Ní dheonófar rochtain an chontrapháirtí lárnaigh ar an ionad trádála ach amháin sa chás ina mbeadh gá le hidir-inoibritheacht de bharr rochtana den sórt sin nó nach ndéanfaí bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí go háirithe mar thoradh ar ilroinnt leachtachta agus go mbeadh sásra leordhóthanach curtha ar bun ag an ionad trádála chun ilroinnt den sórt sin a chosc.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an nóisean ilroinnt leachtachta. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|