|
+Airteagal 24d Cinnteoireacht laistigh den bhord maoirseoirí |
Airteagal 24d Cinnteoireacht laistigh den bhord maoirseoiríAirteagal 24d Cinnteoireacht laistigh den bhord maoirseoirí I gcás ina gcuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna dréachtchinntí faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí de bhun Airteagail 25(2), 25(2a), 25(2b), 25(2c), 25(5), 25p, 85(6), 89(3b) den Rialachán seo agus, ina theannta sin, do CPLanna Leibhéal 2, agus dóibh siúd amháin, i gcomhréir le hAirteagail 41, 44, 46, 50 agus 54 den Rialachán seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh maidir leis na dréachtchinntí sin i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 10 lá oibre. I gcás ina gcuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tríú tír dréachtchinntí faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí de bhun airteagail nach ionann agus iad siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh i ndáil leis na dréachtchinntí sin i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 3 lá oibre. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|