+Airteagal 32 1.

Airteagal 32 1.

I gcás ina bhfuil an fógra a ndéantar foráil dó in Airteagal 31(2) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3) á measúnú, déanfaidh an t-údarás inniúil, oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus fóntacht airgeadais na héadála beartaithe a mheas maidir le seo a leanas d'fhonn bainistiú fónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh ina bhfuil an éadáil bheartaithe a áirithiú, agus ag féachaint don tionchar is dócha a bheidh ag an bhfaighteoir beartaithe ar an gcontrapháirtí lárnach:

(a) 

dea-cháil agus fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe;

(b) 

clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar an éadáil bheartaithe;

(c) 

an mbeidh an contrapháirtí lárnach in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;

(d) 

an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 2005/60/CE nó iarracht air á déanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.

I gcás ina bhfuil fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar an gcineál gnó a dhéantar agus atáthar ag brath a dhéanamh sa chontrapháirtí lárnach ina bhfuil an éadáil beartaithe.

I gcás ina bhfuil inniúlacht an chontrapháirtí lárnaigh an Rialachán seo a chomhlíonadh á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith air i dtaobh an bhfuil struchtúr ag an ngrúpa a mbeidh sé mar chuid de lenar féidir maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, faisnéis a mhalartú go héifeachtach i measc na n-údarás inniúil agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí i measc na n-údarás inniúil a chinneadh.

Beidh measúnú an údaráis inniúil maidir leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) agus maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3) faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 de bhun Airteagal 19 agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.