|
+Airteagal 32 6. |
Airteagal 32 6.Comhoibreoidh na húdaráis inniúla iomchuí go dlúth le chéile nuair a bheidh an measúnú á dhéanamh i gcás inar ceann díobh seo a leanas an faighteoir beartaithe:
(a)
contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;
(b)
máthairghnóthas contrapháirtí lárnaigh eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;
(c)
duine nádúrtha nó dlítheanach a rialaíonn contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córais socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|