|
+Airteagal 40 Neamhchosaint a bhainistiú |
Airteagal 40 Neamhchosaint a bhainistiúAirteagal 40 Neamhchosaint a bhainistiú Déanfaidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaint leachtachta agus creidmheasa ar gach comhalta imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí ar chontrapháirtí lárnach eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leis a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn fíorama nó ar bhonn ama atá gar dó. Beidh fáil ag contrapháirtí lárnach ar na foinsí praghsála ábhartha go tráthúil agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach chun a neamhchosaintí a thomhas go héifeachtach. Is ar bhonn costais réasúnaigh a dhéanfar é sin. Gan dochar d’Airteagal 1(4) agus (5), agus é mar chuspóir leis imréiteach lárnach ag eintitis earnála poiblí a éascú, déanfaidh ESMA, faoin 25 Meitheamh 2026, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena sonraítear an modh atá le húsáid ag CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14 den Rialachán seo chun neamhchosaintí agus ranníocaíochtaí, más ann dóibh, le hacmhainní airgeadais CPLanna ó eintitis earnála poiblí atá rannpháirteach i CPLanna den sórt sin a ríomh, agus aird chuí á tabhairt ar shainordú eintiteas earnála poiblí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|