|
+Airteagal 61 2. |
Airteagal 61 2.Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a)
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
(b)
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
(d)
socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
cuirfidh sé in iúl don té a n-iarrtar an fhaisnéis air nach mbeidh sé de cheanglas air an fhaisnéis sin a chur ar fáil, ach i gcás go dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart go mbeadh an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil mícheart ná míthreorach; agus
(f)
léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|