+Airteagal 63 Cigireachtaí ar an láthair
---+Airteagal 63 1.
---+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 63 3.
---+Airteagal 63 4.
---+Airteagal 63 5.
---+Airteagal 63 6.
---+Airteagal 63 7.
---+Airteagal 63 8.
---+Airteagal 63 9.
|
Airteagal 63 Cigireachtaí ar an láthair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 63 1.
|
Chun a chuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí go léir is gá ar an láthair a dhéanamh ag áitreabh gnó, ar thalamh nó ar mhaoin na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Féadfaidh ÚEUM an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go hiomchuí agus go héifeachtúil.
|
|
Airteagal 63 2.
|
Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a údaróidh ÚEUM chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith, ar thalamh ar bith nó ar mhaoin ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 62(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
|
|
Airteagal 63 3.
|
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás nach dtéann na daoine lena mbaineann faoin gcigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
|
|
Airteagal 63 4.
|
Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a mbeidh sé le tosú, na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú. Déanfaidh ÚEUM na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
|
|
Airteagal 63 5.
|
Arna iarraidh sin ag ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha agúdarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Chuige sin, téachtfaidh siad na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 63 6.
|
Féadfaidh ÚEUM freisin a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 62(1) a chur i gcrích thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 62(1).
|
|
Airteagal 63 7.
|
I gcás ina n-aimsíonn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, a bheidh á dtionlacan go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
|
|
Airteagal 63 8.
|
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear ar údarás inniúil náisiúnta bheith údaraithe ó údarás breithiúnach i gcomhréir le rialacha náisiúnta, déanfaidh ÚEUM iarratas ar an údarú sin freisin. Féadfaidh ÚEUM iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
|
|
Airteagal 63 9.
|
I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a fhíorú go bhfuil an cinneadh ón ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh an iarraidh sin ar mhínithe mionsonraithe go sonrach leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh an Rialachán seo a shárú, agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|