+Airteagal 64 Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur
---+Airteagal 64 1.
---+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 64 3.
---+Airteagal 64 4.
---+Airteagal 64 5.
---+Airteagal 64 6.
---+Airteagal 64 7.
---+Airteagal 64 8.

Airteagal 64 Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 64 1.
Más rud é go bhfaigheann ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach go díreach ná go hindíreach i maoirseacht, ná sa phróiseas clárúcháin an stóir thrádala lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
Airteagal 64 2.
Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi réir na n-imscrúduithe á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid ÚEUM.

Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 61 agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 60.

Nuair a bheidh a chúraimí á gcur i gcrích aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

Airteagal 64 3.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine a bheidh faoi réir na n-imscrúduithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Ní bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chinntí ach ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith.

Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí.

Airteagal 64 4.
Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil na cinntí dá dtagraítear i mír 3 á chur faoi bhráid ÚEUM ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe. Beidh na daoine sin i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní chuimseoidh ceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ÚEUM.
Airteagal 64 5.
Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 67, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I déanta ag na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 73 agus déanfaidh sé fíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 65.
Airteagal 64 6.
Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bplé ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.
Airteagal 64 7.
Glacfaidh an Coimisiún rialacha nós imeachta breise maidir le feidhmiú na cumhachta chun fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus glacfaidh sé rialacha mionsonraithe maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

Glacfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82.

Airteagal 64 8.
Déanfaidh ÚEUM ábhair a tharchur chuig na húdaráis ábhartha le haghaidh imscrúdú agus aon ionchúiseamh coiriúil a d'fhéadfadh teacht astu i gcás ina ndéanfaidh sé amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á chomhlíonadh aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais agus go bhfios dó gur dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla faoin dlí is infheidhme. Ina theannta sin, staonfaidh ÚEUM ó fhíneálacha nó tráthíocaíochtaí pionóis a fhorchur i gcás ina mbeidh sé ar an eolas faoi éigiontú nó faoi chiontú roimhe sin, a d'éirigh as fíoras comhionann nó as fíorais chomhionanna atá comhionann lena chéile go substaintiúil, a bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.