+Airteagal 68 Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha
---+Airteagal 68 1.
---+Airteagal 68 2.
---+Airteagal 68 3.
---+Airteagal 68 4.
---+Airteagal 68 5.

Airteagal 68 Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 68 1.
Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht thréimhsiúil phionóis a fhorchuirtear de bhun Airteagal 65 agus Airteagal 66 a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Sa nochtadh sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
Airteagal 68 2.
Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchuirtear de bhun Airteagal 65 agus Airteagal 66.
Airteagal 68 3.
I gcás ina gcinnnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.
Airteagal 68 4.
Beidh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí a fhorchuirfear de bhun Airteagal 65 agus Airteagal 66 in-fhorfheidhmithe.

Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát arb ina chríoch a dhéanfar é. Beidh an t-ordú á fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ón údarás náisiúnta a cheapfaidh rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios do ÚEUM agus don Chúirt Bhreithiúnais.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh seisean dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.

Ní fhéadfar an forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith na Cúirte Breithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

Airteagal 68 5.
Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na dtráthíocaíochtaí pionósacha a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.