+Airteagal 83 Rúndacht ghairmiúil
---+Airteagal 83 1.
---+Airteagal 83 2.
---+Airteagal 83 3.
---+Airteagal 83 4.
---+Airteagal 83 5.

Airteagal 83 Rúndacht ghairmiúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 83 1.
Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 agus na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 81(3), do ÚEUM, nó d'iniúchóirí agus saineolaithe atá faoi ordú na n-údarás inniúil nó ÚEUM. Ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a d'fhéadfadh na daoine sin a fháil i mbun a gcuid dualgas a sceitheadh le duine nó le húdarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán ionas nach bhféadfaí contrapháirtí lárnach ar leith, stór trádála ar leith nó aon duine eile a shainaithint, gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin dlí cánachais nó don Rialacháin seo.
Airteagal 83 2.
I gcás inar dearbhaíodh go bhfuil contrapháirtí lárnach ina fhéimheach nó i gcás ina bhfuil sé á fhoirceannadh go héigeantach, féadfar faisnéis rúnda nach mbaineann le tríú páirtithe a sceitheadh in imeachtaí sibhialta nó tráchtála más gá sin chun an t-imeacht a sheoladh.
Airteagal 83 3.
Gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin dlí cánachais, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla, ÚEUM, na comhlachtaí nó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach údaráis inniúla iad a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i bhfeidhmiú a ndualgas agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, i gcás na n-údarás inniúil, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó, i gcás údarás eile, comhlachtaí nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, nó chun an dá chríoch sin. I gcás ina dtoilíonn ÚEUM, an t-údarás inniúil nó údarás, comhlacht nó duine eile a bhfuil faisnéis á soláthar acu leis, féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an fhaisnéis í a úsáid chun críocha neamhthráchtála eile.
Airteagal 83 4.
Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Mar sin féin, ní chuirfidh na coinníollacha sin bac ar ÚEUM, ar na húdaráis inniúla, nó ar na bainc cheannais iomchuí faisnéis rúnda a mhalartú nó a tharchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le haon reachtaíocht eile is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa, cistí pinsean, gnóthais chomhinfheistíochta d'urrúis inaistrithe, bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, idirghabhálaithe árachais agus athárachais, gnóthais árachais, margaí rialáilte nó oibreoirí margaidh nó ar shlí eile le toiliú ón údarás inniúil nó ó údarás nó comhlacht nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuir an fhaisnéis sin in iúl.
Airteagal 83 5.
Ní chuirfidh mír 1, mír 2 agus mír 3 bac ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda nach bhfuarthas ó údarás inniúil de chuid Ballstáit eile a mhalartú nó a tharchur, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.