Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
) agus de réir an cháis amháin. Áiritheoidh údaráis inniúla gur gá aistriú mar sin chun críoch an Rialacháin seo agus nach n-aistreoidh an tríú tír na sonraí chuig tríú tír eile mura rud é go dtugtar údarú sainráite i scríbhinn di déanamh amhlaidh agus go gcomhlíonann sí na coinníollacha a bheidh sonraithe ag údarás inniúil an Bhallstáit.