|
+Airteagal 30 1. |
Airteagal 30 1.Gan dochar d’aon phionóis choiriúla agus gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil faoi Airteagal 23, déanfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil le go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla pionóis iomchuí riaracháin agus bearta riaracháin eile a ghlacadh maidir leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
sáruithe ar Airteagal 14, Airteagal 15, Airteagal 16(1), Airteagal 16(2), Airteagal 17(1) (4)(5) agus (8), Airteagal 18(1) go(6), Airteagal 19(1),(2),(3),(4), Airteagal agus(5) agus (8), Airteagal 18(1) go (6), Airteagal 19(1)(2),(3) (5)(6) (7) agus (11), agus Airteagal 20(1) den Rialachán seo; agus
(b)
mainneachtain comhoibriú le himscrúdú, le cigireacht nó le hiarraidh amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(2), nó mainneachtain déanamh de réir imscrúdaithe, cigireachta nó iarrata den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit, go dtí 3 Iúil 2016, cinneadh a dhéanamh gan rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhíre i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad mhír faoi réir phionóis coiriúla cheana féin ina ndlí náisiúnta. I gcás ina chineann siad amhlaidh, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus ÚEUM maidir leis na codanna ábhartha dá ndlí coiriúil. Faoin 3 Iúil 2016, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|