+Airteagal 34 Cinntí a fhoilsiú
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
|
Airteagal 34 Cinntí a fhoilsiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1.
|
Faoi réir an tríú fomhír, déanfaidh údaráis inniúla, aon chinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin, nó beart riaracháin ea bhaineann le sárú ar an Rialachán seo, a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin láithreach tar éis an duine is ábhar don chinneadh sin a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin. Beidh ar áireamh i bhfoilsiú den sórt sin, ar a laghad, faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus céannacht an duine is ábhar don chinneadh. Níl feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta ar de chineál imscrúdaitheach iad. I gcás ina measann an t-údarás inniúil„ go mbeadh foilsiú chéannacht na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir chinnidh, nó sonraí pearsanta duine nádúrtha, díréireach, tar éis measúnú ar bhonn cás ar chás ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó go ndéanfadh foilsiú den sórt sin foilsiú den sórt sin dochar d’imscrúdú atá ar siúl nó do chobhsaíocht na margaí airgeadais, féadfaidh sé ceachtar díobh seo a leanas a dhéanamh:
(a)
foilsiú an chinnidh a chur siar go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;
(b)
an cinneadh fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, sa chás go ndéantar a áirithiú le foilsiú den sórt sin go dtugtar cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta i dtrácht agus, i gcás inarb iomchuí, foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar atráth go ceann tréimhse réasúnach ama más intuartha nach mbeidh ann a thuilleadh do na cúiseanna le haghaidh foilsiú i ndíth ainm i rith na tréimhse sin;
(c)
gan an cinneadh a fhoilsiú sa chás go bhfuil an t-údarás inniúil den tuairim nach mbeadh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó (b) leordhóthanach chun a áirithiú:
(i)
a áirithiú nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt; nó
(ii)
comhréireacht fhoilsiú chinntí den sórt sin a áirithiú a mhéid a bhaineann le bearta a mheastar a bheith ina mionbhearta.
I gcás ina ndéanann údarás inniúil cinneadh chun cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír, féadfaidh sé foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse ama réasúnach i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh na cúiseanna atá le foilsiú i ndíth ainm de bheith ann i rith na tréimhse sin.
|
|
Airteagal 34 2.
|
Más rud é go bhfuil cinneadh faoi réir achomhairc os comhair an údaráis breithiúnach náisiúnta, an údaráis riaracháin náisiúnta, nó os comhair údaráis náisiúnta eile, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin a fhoilsiú, láithreach, ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh atá faoi réir achomhairc.
|
|
Airteagal 34 3.
|
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh aon chinneadh a fhoilsítear i gcomhréir leis an Airteagal inrochtana ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis a fhoilsithe. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá i bhfoilseacháin den sórt sin a choinneáil ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|