|
+Airteagal 18 1. |
Airteagal 18 1.Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil a cheangal ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra acu maidir le hionstraim airgeadais shonrach nó maidir le haicme d’ionstraimí airgeadais fógra a thabhairt ina leith nó mionsonraí an tsuímh a nochtadh don phobal i gcás ina sroicheann an suíomh tairseach fógartha arna socrú ag an údarás inniúil, nó más rud é go dtiteann sé faoi bhun na tairsí sin, agus i gcás:
(a)
ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus
(b)
ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|