+Airteagal 28 Cumhachtaí idirghabhála ÚEUM i ndálaí eisceachtúla
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
---+Airteagal 28 6.
---+Airteagal 28 7.
---+Airteagal 28 8.
---+Airteagal 28 9.
---+Airteagal 28 10.
---+Airteagal 28 11.

Airteagal 28 Cumhachtaí idirghabhála ÚEUM i ndálaí eisceachtúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1.

I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM, faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, ceachtar acu seo a leanas:

(a) 

a cheangal ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra acu maidir le hionstraim airgeadais shonrach nó le haicme shonrach d’ionstraimí airgeadais fógra a thabhairt d’údarás inniúil nó mionsonraí ar aon suíomh den sórt sin a nochtadh don phobal; nó

(b) 

toirmeasc a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha díol folamh a dhéanamh nó idirbheart a dhéanamh, nó coinníollacha a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i dtaca le díol folamh a dhéanamh nó idirbheart a dhéanamh, trína gcruthaítear ionstraim airgeadais seachas ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(1), nó a bhaineann le hionstraim airgeadais den sórt sin, i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt do dhuine den sórt sin i gcás ina dtarlaíonn laghdú praghais nó luacha ionstraime airgeadais eile.

Féadfaidh feidhm a bheith ag beart i ndálaí áirithe nó féadfaidh sé a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEUM. Féadfar eisceachtaí a shonrú go háirithe chun feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh.

Airteagal 28 2.

Ní dhéanfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin más rud é:

(a) 

go dtugann na bearta a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 aghaidh ar bhagairt ar fheidhmiú ordúil agus shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas agus go bhfuil impleachtaí trasteorann acu; agus

(b) 

nach bhfuil bearta déanta ag aon údarás inniúil chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin nó má tá bearta déanta ag údarás amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla, ar bearta iad nach dtugann aghaidh ar an mbagairt ar shlí leordhóthanach.

Airteagal 28 3.

I gcás ina ndéanann ÚEUM bearta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé san áireamh a mhéid a dhéantar na nithe seo a leanas leis an mbeart:

(a) 

aghaidh a thabhairt ar shlí shuntasach ar an mbagairt ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais agus ar shláine na margaí airgeadais nó an bhagairt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó chuid den chóras airgeadais sin nó feabhas suntasach a chur ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an mbagairt sin;

(b) 

gan riosca arbatráiste rialála a chruthú;

(c) 

gan éifeacht dhochrach a bheith aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht margaí airgeadais, lena n-áirítear trí leachtacht a laghdú sna margaí sin nó trí neamhchinnteacht a chruthú do na rannpháirtithe sa mhargadh.

I gcás ina bhfuil beart faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21 déanta ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh ÚEUM aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 27 a eisiúint.

Airteagal 28 4.
Sula gcinnfidh sé aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur nó a athnuachan, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis ábhartha eile.
Airteagal 28 5.
Sula gcinnfidh sé aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur nó a athnuachan, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir leis an mbeart a thograíonn sé a dhéanamh. Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis na bearta a thograíonn sé, le haicme na n-ionstraimí airgeadais agus na n-idirbheart a mbeidh feidhm ag na bearta sin ina leith, an fhianaise a thacaíonn leis na cúiseanna atá leis na bearta sin agus an tráth atá sé beartaithe go ngabhfaidh éifeacht leis na bearta.
Airteagal 28 6.
Déanfar an fógra 24 uaire an chloig ar a laghad roimh an tráth a ghabhfaidh éifeacht leis an mbeart sin nó a ndéanfar é a athnuachan. Féadfaidh ÚEUM, i ndálaí eisceachtúla, an fógra a thabhairt tráth is lú ná 24 uaire an chloig roimh an tráth atá sé beartaithe go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart sin i gcás nach féidir fógra a thabhairt 24 uaire an chloig roimh ré.
Airteagal 28 7.

Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin fógra faoi aon chinneadh maidir le haon bheart dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur nó a athnuachan. Sonrófar, ar a laghad, san fhógra:

(a) 

na bearta arna bhforchur lena n-áirítear na hionstraimí agus aicmí na n-idirbheart a bhfuil feidhm ag na bearta ina leith agus ré na mbeart; agus

(b) 

na cúiseanna ar dá réir a bhfuil ÚEUM den tuairim gur gá na bearta a fhorchur, lena n-áirítear an fhianaise a thacaíonn leis na cúiseanna sin.

Airteagal 28 8.
Tar éis dó a chinneadh go ndéanfar aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur nó a athnuachan, tabharfaidh ÚEUM fógra láithreach do na húdaráis inniúla maidir leis na bearta a glacadh.
Airteagal 28 9.
Gabhfaidh éifeacht le beart nuair a fhoilseofar an fógra ar láithreán gréasáin ÚEUM nó ag tráth, is tráth i ndiaidh a fhoilsithe, a bheidh sonraithe san fhógra agus ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le hidirbheart a dhéanfar tar éis don bheart éifeacht a ghabháil.
Airteagal 28 10.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar na bearta dá dtagraítear i mír 1 ag idirthréimhsí iomchuí agus uair gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéantar an beart a athnuachan faoi dheireadh thréimhse trí mhí den sórt sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch. Beidh feidhm ag mír 2 go mír 9 maidir le bearta a athnuachan.
Airteagal 28 11.
Beidh forlámhas ag beart arna ghlacadh ag ÚEUM faoin Airteagal seo ar aon bheart eile a rinne údarás inniúil roimhe sin faoi Roinn 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.