|
+Airteagal 1 Ábhar |
Airteagal 1 ÁbharAirteagal 1 Ábhar Tugtar isteach leis an Rialachán seo cur chuige rialúcháin coiteann chun feabhas a chur ar shláine, ar thrédhearcacht, ar fhreagracht, ar dhea-rialachas agus ar neamhspleáchas gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, lena gcuirfear le cáilíocht na rátálacha creidmheasa a eisítear san Aontas agus le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus infheisteoirí á bhaint amach. Leagtar síos leis coinníollacha maidir le heisiúint rátálacha creidmheasa agus rialacha maidir le heagrú agus iompar gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, a scairshealbhóirí agus a gcomhaltaí san áireamh, chun neamhspleáchas na ngníomhaireachtaí sin a chur chun cinn, chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí. Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáidí d’eisitheoirí, agus do thríú páirtithe gaolmhara atá bunaithe san Aontas i leith ionstraimí urrúsúcháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|