+Airteagal 4 3.

Airteagal 4 3.

Ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe sa ►M3  Aontas ◄ agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo rátáil chreidmheasa, arna heisiúint i dtríú tír, a fhormhuiniú ach amháin nuair a chomhlíonann na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a eascraíonn as eisiúint rátála creidmheasa den sórt sin na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

maidir leis na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a eascraíonn as an rátáil chreidmheasa atá le formhuiniú, is í an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an ngrúpa céanna a dhéanann iad go hiomlán nó i bpáirt;

▼M3

(b) 

tá sé fíoraithe ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa, agus tá sí in ann é a léiriú ar bhonn leanúnach don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ), go gcomhlíonann gníomhaíochtaí rátála creidmheasa ghníomhaireacht rátála creidmheasa na tríú tíre, a raibh mar thoradh uirthi eisiúint rátála creidmheasa atá le formhuiniú, ceanglais atá ar a laghad chomh docht céanna leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12 agus in Iarscríbhinn I, cé is moite d’Airteagail 6a, 6b, 8a, ►M5  ————— ◄ 8c agus 11a, pointe (ba) de phointe 3, agus pointe 3a agus pointe 3b de Roinn B d’Iarscríbhinn I.

▼M1

(c) 

níl teorainn le cumas ÚEUM measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b);

(d) 

cuireann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis go léir is gá ar fáil do ÚEUM arna iarraidh sin dó lena chur ar chumas ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an tslí a gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo;

▼B

(e) 

tá cúis oibiachtúil ann don rátáil chreidmheasa a tharraingt suas i dtríú tír;

(f) 

tá an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa tríú tír údaraithe nó cláraithe agus tá sí faoi réir ag maoirseacht sa tríú tír sin;

(g) 

cuireann an córas rialúcháin sa tríú tír sin cosc ar na húdaráis inniúla agus ar údaráis phoiblí eile sa tríú tír sin a bheith ag cur isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa agus na modheolaíochtaí; agus

▼M1

(h) 

is ann do shocrú iomchuí comhair idir ÚEUM agus údarás maoirseachta ábhartha na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír. Áiritheoidh ÚEUM go sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa socrú comhair sin:

(i) 

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údarás maoirseachta ábhartha na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír; agus

(ii) 

na nósanna imeachta a bhaineann le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena chur ar chumas ÚEUM faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa as a leanann eisiúint rátála chreidmheasa ar tugadh tacaíocht di.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R1060
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.