|
+Airteagal 5 4. |
Airteagal 5 4.Féadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 iarratas a dhéanamh freisin ina n-iarrfar í a dhíolmhú:
(a)
ar bhonn gach cáis ar leithligh, ó chuid de na ceanglais nó ó na ceanglais go léir atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus in Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa, nach bhfuil na ceanglais comhréireach;
(b)
ón gceanglas a bheith i láthair go fisiceach san Aontas i gcás ina mbeadh ualach rómhór ag gabháil le ceanglas den sórt sin, agus go mbeadh an ceanglas sin díréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar dhíolúine faoi phointe (a) nó faoi phointe (b) den chéad fhomhír a thíolacadh i dteannta an iarratais ar dheimhniúchán. Nuair atá an t-iarratas sin á mheas, breithneoidh ÚEUM méid na gníomhaireachta rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, ag féachaint do chineál, scála agus castacht a gnó agus do chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa, mar aon le tionchar na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar chobhsaíocht airgeadais agus ar shláine na margaí airgeadais i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Ar bhonn na mbreithnithe sin, féadfaidh ÚEUM díolúine den sórt sin a dheonú don ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|