|
+Airteagal 6 3. |
Airteagal 6 3.Arna iarraidh sin do ghníomhaireacht rátála creidmheasa, féadfaidh ÚEUM gníomhaireacht rátála creidmheasa a dhíolmhú ó cheanglais phointí 2, 5, 6 agus 9 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú nach bhfuil na ceanglais sin comhréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna na rátálacha creidmheasa sin, agus:
(a)
gur lú ná 50 fostaí atá ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa;
(b)
go bhfuil bearta cur chun feidhme agus nósanna imeachta, go háirithe córas rialaithe inmheánach, socruithe tuairiscithe agus bearta lena n-áirithítear neamhspleáchas na n-anailísithe rátála agus na ndaoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa, ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa, ar bearta agus nósanna imeachta iad a áirithíonn go gcomhlíontar cuspóirí rialúcháin an Rialacháin seo go héifeachtach; agus
(c)
nach gcinntear méid na gníomhaireachta a bhaineann le rátála creidmheasa ar shlí lena bhféadfadh gníomhaireacht rátála creidmheasa nó grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ceanglais a ghabhann leis an Rialachán seo a sheachaint. I gcás grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, áiritheoidh ÚEUM gurb ann do cheann amháin ar a laghad de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa nach bhfuil díolmhaithe ó cheanglais phointe 2, phointe 5 agus phointe 6 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus ó Airteagal 7(4) a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|