|
+Airteagal 21 4. |
Airteagal 21 4.Forbróidh ÚEUM dréacht-chaighdeáin theicniúla rialúcháin chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
an fhaisnéis atá le soláthar ag gníomhaireacht rátála creidmheasa ina iarratas ar chlárúchán de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
(b)
an fhaisnéis nach mór don ghníomhaireacht rátála creidmheasa a sholáthar maidir leis an iarratas ar dheimhniúchán agus maidir le measúnú ar a tábhacht shistéamach do chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5;
(c)
tíolacadh na faisnéise a nochtfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus le pointe 1 de Chuid II de Roinn E d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus tréimhse an tuairiscithe;
(d)
maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8(3), measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas sin ar thaobh na modheolaíochtaí rátála creidmheasa;
(e)
ábhar agus formáid tuairiscithe thréimhsiúil ar shonraí rátála atá le hiarraidh ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe agus deimhnithe chun críche mhaoirseacht leanúnach ÚEUM. Cuirfidh ÚEUM na dréacht-chaighdeáin theicniúla rialúcháin sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Meitheamh 2014. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|