|
+Airteagal 23c 1. |
Airteagal 23c 1.Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1). Chuige sin, cumhachtófar d'oifigigh ÚEUM agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan spleáchas don mheán ina stóráiltear iad;
(b)
cóipeanna a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)
taifid ar thrácht teileafóin agus ar thrácht sonraí a iarraidh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|