+Airteagal 31 Fógraí agus iarrataí ar fhionraíocht ó údaráis inniúla
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
|
Airteagal 31 Fógraí agus iarrataí ar fhionraíocht ó údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil Ballstáit amach de go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha don Rialachán seo á ndéanamh nó déanta ar chríoch a Bhallstáit féin nó ar chríoch Ballstáit eile, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin do ÚEUM ar an tslí is sonraí agus is féidir. I gcás ina measann an t-údarás inniúil gurb iomchuí sin chun críocha imscrúdúcháin, féadfaidh an t-údarás inniúil a mholadh freisin do ÚEUM measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le leas a bhaint as na cumhachtaí faoi Airteagal 23b agus faoi Airteagal 23c i ndáil leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin. Déanfaidh ÚEUM gníomhaíocht iomchuí. Déanfaidh sé an t-údarás inniúil a thug an fógra a chur ar an eolas faoin toradh agus, a mhéid is féidir, faoi aon fhorbairtí suntasacha eatramhacha.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Gan dochar don dualgas fógra a thabhairt mar a leagtar amach i mír 1 é, i gcás ina measann an t-údarás inniúil Ballstáit, arb é an t-údarás a thug an fógra é, go bhfuil na hoibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo á sárú ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe, ar gníomhaireacht í a n-úsáidtear a cuid rátálacha creidmheasa laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, agus go bhfuil na sáruithe sin sách tromchúiseach agus sách seasmhach chun tionchar suntasach a bheith acu ar chosaint infheisteoirí nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát sin, féadfaidh an t-údarás inniúil a thug an fógra a iarraidh ar ÚEUM fionraí a chur, chun críocha rialála, ar úsáid rátálacha creidmheasa na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann ag na hinstitiúidí airgeadais agus ag na heintitis eile dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfaidh an t-údarás inniúil a thug an fógra cúiseanna iomlána lena iarraidh a sholáthar do ÚEUM. I gcás ina measann ÚEUM nach bhfuil údar maith leis an iarraidh, cuirfidh sé an t-údarás inniúil a thug an fógra ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn agus leagfaidh sé amach na cúiseanna. I gcás ina measann ÚEUM go bhfuil údar maith leis an iarraidh, déanfaidh sé na bearta iomchuí chun an tsaincheist sin a réiteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R1060
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|