|
+Airteagal 34 Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú |
Airteagal 34 Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartúAirteagal 34 Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú Ní fhéadfaidh ÚEUM comhaontuithe comhair a thabhairt chun críche maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla de chuid tríú tíortha ach amháin má tá an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 32. Beidh malartú faisnéise den sórt sin ann ar mhaithe le comhlíonadh chúraimí ÚEUM nó chúraimí na n-údarás maoirseachta sin. Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, déanfaidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin ( 16 ) a chur i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|