|
+Airteagal 9 2. |
Airteagal 9 2.Áiritheofar le sásra láimhseála gearán den sórt sin:
(a)
go gcuirfidh an riarthóir ar fáil an beartas láimhseála gearán trína bhféadfar gearáin a chur isteach i dtaobh an bhfuil cinneadh tagarmhairc shonraigh ionadaíoch ar luach an mhargaidh, i dtaobh athrú molta ar an bpróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna, i dtaobh chur i bhfeidhm na modheolaíochta i ndáil le cinneadh tagarmhairc shonraigh, agus i dtaobh cinntí eile i ndáil leis an bpróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna;
(b)
go ndéanfar imscrúdú ar ghearáin ar bhealach tráthúil agus cothrom agus go gcuirfear toradh an imscrúdaithe in iúl don ghearánaí laistigh de thréimhse réasúnach ama, mura mbeadh cur in iúl den sórt sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó do Rialachán (AE) Uimh 596/2014; agus
(c)
go ndéanfar an fiosrúchán go neamhspleách ar aon phearsanra a bhféadfadh baint a bheith acu le hábhar an ghearáin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|