+Airteagal 14 Sáruithe a thuairisciú
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
|
Airteagal 14 Sáruithe a thuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Bunóidh riarthóir córais leormhaithe agus rialuithe éifeachtacha chun sláine na sonraí ionchuir a áirithiú chun a bheith in ann aon iompar a bhféadfaidh cúbláil nó iarracht ar chúbláil ar thagarmharc a bheith ag baint leis, faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, a shainaithint agus a thuairisciú don údarás inniúil náisiúnta.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Déanfaidh riarthóir faireachán ar shonraí ionchuir agus ar rannchuiditheoirí chun a bheith in ann an t-údarás inniúil a chur ar an eolas agus an fhaisnéis ábhartha go léir a chur ar fáil i gcás ina bhfuil an riarthóir in amhras, maidir leis an tagarmharc, go raibh aon iompar ann a bhféadfaidh cúbláil nó iarracht ar chúbláil ar an tagarmharc a bheith ag baint leis, faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, lena n-áirítear claonpháirteachas déanamh amhlaidh. Déanfaidh údarás inniúil an riarthóra, i gcás inarb infheidhme, faisnéis den sórt sin a tharchur chuig an údarás ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh 596/2014.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag riarthóirí dá mbainisteoirí, dá bhfostaithe agus d'aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil dóibh nó atá faoina rialú chun tuairisciú a dhéanamh go hinmheánach ar sháruithe ar an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Forbróidh ÚEUM an dréachtchaighdeán theicniúla rialála chun tréithe na gcóras agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 a shonrú. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020. Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|