|
+Airteagal 20 3. |
Airteagal 20 3.Chun críocha mhír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh scor an tagarmhairc nó soláthar an tagarmhairc ar bhonn sonraí ionchuir nó painéal rannchuiditheoirí nach bhfuil ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch, an mbeadh tionchar dochrach aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas ina Bhallstát. Cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh ina mheasúnú:
(a)
luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a n-ábharthacht maidir le luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais gan íoc sa Bhallstát;
(b)
luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a ábharthacht maidir le holltáirgeacht náisiúnta an Bhallstáit;
(c)
aon fhigiúr eile chun measúnú a dhéanamh ar bhonn oibiachtúil ar thionchar féideartha ar neamhleanúnachas nó ar neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas sa Bhallstát. Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar chriticiúlacht an tagarmhairc gach dhá bhliain ar a laghad, agus tabharfaidh sé fógra faoin measúnú nua d'ÚEUM agus tarchuirfidh sé chuige é. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|