+Airteagal 23 Rannchuidiú éigeantach le tagarmharc criticiúil
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 23 7.
---+Airteagal 23 8.
---+Airteagal 23 9.
---+Airteagal 23 10.
---+Airteagal 23 11.
---+Airteagal 23 12.

Airteagal 23 Rannchuidiú éigeantach le tagarmharc criticiúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tagarmharcanna criticiúla a bheidh bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór.
Airteagal 23 2.
Déanfaidh riarthóirí ar thagarmharc amháin nó níos mó measúnú a chur isteach gach dhá bhliain chuig a n-údarás criticiúil faoi chumas gach tagarmhairc chriticiúil a sholáthraíonn siad chun an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas.
Airteagal 23 3.
Rannchuiditheoir atá faoi mhaoirsiú agus é beartaithe aige scor de bheith ag cur sonraí ionchuir le tagarmharc criticiúil, cuirfidh sé an méid sin in iúl i scríbhinn don riarthóir gan mhoill. Cuirfidh an riarthóir a údarás inniúil ar an eolas gan mhoill mhíchuí an uair sin.

Cuirfidh údarás inniúil riarthóir an tagarmhairc chriticiúil an t-údarás inniúil ar an eolas faoin rannchuiditheoir sin faoi mhaoirseacht agus, i gcás inarb infheidhme, cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi gan mhoill mhíchuí. Cuirfidh an riarthóir faoi bhráid an údaráis inniúil measúnú ar impleachtaí maidir le cumas an tagarmhairc chriticiúil an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas a luaithe is féidir ach gan é a bheith níos déanaí ná 14 lá tar éis an fhógra a thug an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht.

Airteagal 23 4.
Tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a fháil, cuirfidh údarás inniúil an riarthóra, i gcás inarb infheidhme, ÚEUM nó an coláiste arna bhunú faoi Airteagal 46 ar an eolas agus déanfaidh sé a mheasúnú féin, ar bhonn an mheasúnaithe sin, ar chumas an tagarmhairc an bunmhargadh agus an fíorchás eacnamaíoch a thomhas, agus nós imeachta an riarthóra chun an tagarmharc a scor a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.
Airteagal 23 5.
Ón dáta a bheidh fógra tugtha d'údarás inniúil an riarthóra go bhfuil sé beartaithe ag rannchuiditheoir scor de rannchuidiú sonraí ionchuir agus go dtí go gcríochnófar an measúnú dá dtagraítear i mír 4, beidh sé de chumhacht aige a cheangal ar na rannchuiditheoirí a thug an fógra i gcomhréir le mír 3 leanúint de shonraí ionchuir a rannchuidiú, ar feadh tréimhse nach mó ná ceithre seachtaine ar aon chaoi, gan oibleagáid a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht trádáil nó gealltanas a thabhairt trádáil.
Airteagal 23 6.

I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, i ndiaidh na tréimhse a shonraítear i mír 5 agus ar bhonn a mheasúnaithe féin dá dtagraítear i mír 4, go bhfuil iondaithe tagarmhairc chriticiúil curtha i mbaol, beidh sé de chumhacht aige:

(a) 

a cheangal ar eintitis faoi mhaoirseacht, arna roghnú i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, lena n-áirítear eintitis nach rannchuiditheoirí cheana leis an tagarmharc criticiúil iad, sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir i gcomhréir le modheolaíocht an riarthóra, an cód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15 agus rialacha eile. Beidh ceanglas den sórt sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná 12 mhí ón dáta ina mbeidh an cinneadh tosaigh déanta lena gceanglaítear rannchuidiú éigeantach de bhun mhír 5, nó do na heintitis sin nach rannchuiditheoirí fós iad, ón dáta a dhéantar an cinneadh lena gceanglaítear rannchuidiú éigeantach faoin bpointe seo;

(b) 

tréimhse an rannchuidithe éigeantaigh a fhadú le tréimhse iomchuí ama nach faide ná 12 mhí, tar éis athbhreithniú faoi mhír 9 ar aon bhearta a ghlactar de bhun phointe (a) den mhír seo;

(c) 

foirm agus sprioc-am a chinneadh maidir le rannchuidiú aon sonraí ionchuir, gan oibleagáid a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht trádáil nó gealltanas a thabhairt trádáil;

(d) 

a cheangal ar an riarthóir an mhodheolaíocht, an cód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, nó rialacha eile an tagarmhairc chriticiúil a athrú.

Ní faide ná 5 bliana uastréimhse an rannchuidithe éigeantaigh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír.

Airteagal 23 7.
Chun críocha mhír 6, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra, i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla na n-eintiteas faoi mhaoirseacht, a chinneadh cé hiad na heintitis faoi mhaoirseacht a mbeidh sé de cheangal orthu sonraí ionchuir a rannchuidiú, ar bhonn mhéid rannpháirtíocht iarbhír agus féideartha an eintitis faoi mhaoirseacht sa mhargadh a bhfuil sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc.
Airteagal 23 8.
Údarás inniúil de chuid rannchuiditheora faoi mhaoirseacht ar ceanglaíodh air rannchuidiú le tagarmharc trí bhíthin bearta a glacadh i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) nó pointe (c) de mhír 6, comhoibreoidh sé le húdarás inniúil an riarthóra i bhforfheidhmiú na mbeart sin.
Airteagal 23 9.

Faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 6, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra athbhreithniú ar na bearta a bheidh glactha faoi mhír 6. Déanfaidh sé aon cheann acu a chúlghairm má mheasann sé:

(a) 

gur dealraitheach go leanfaidh na rannchuiditheoirí de bheith ag rannchuidiú sonraí ionchuir ar feadh bliain amháin ar a laghad dá ndéanfaí an beart a chúlghairm, agus tabharfar fianaise ar an méid sin leis na nithe seo a leanas ar a laghad:

(i) 

tiomantas i scríbhinn ó na rannchuiditheoirí chuig an riarthóir agus chuig an údarás inniúil go leanfar de bheith ag rannchuidiú sonraí ionchuir don tagarmharc criticiúil ar feadh bliain amháin ar a laghad má dhéantar an beart a chúlghairm;

(ii) 

tuarascáil i scríbhinn ón riarthóir chuig an údarás inniúil lena soláthraítear fianaise dá mheasúnú gur féidir inmharthanacht leantach an thagarmhairc chriticiúil a áirithiú tar éis an rannchuidiú éigeantach a chúlghairm;

(b) 

is féidir le soláthar an tagarmhairc leanúint ar aghaidh a luaithe a bheidh na rannchuiditheoirí a bhfuil sainordú tugtha dóibh sonraí ionchuir a rannchuidiú tar éis scor de bheith ag rannchuidiú;

(c) 

go bhfuil tagarmharc ionadach inghlactha ar fáil agus gur féidir le húsáideoirí an tagarmhairc chriticiúil athrú chuig an gceann ionadach seo gan ach na costais is ísle a bheith orthu, arna fhianú sin, ar a laghad, le tuarascáil i scríbhinn ón riarthóir ina mbeidh mionsonraí faoin modh trasdula chuig tagarmharc ionadach agus an cumas atá ag úsáideoirí trasdul chuig an tagarmharc sin chomh maith le costais an trasdula; nó

(d) 

nach féidir aon rannchuidithe malartacha a shainaithint agus go ndéanfadh scor rannchuidithe ó na heintitis ábhartha faoi mhaoirseacht lagú ar an tagarmharc an oiread is go gcaithfí scor den tagarmharc.

Airteagal 23 10.
I gcás ina bhfuiltear chun scor de thagarmharc criticiúil a sholáthar, leanfaidh gach ranníocóir maoirsithe leis an tagarmharc sin de shonraí a ionchur ar feadh tréimhse ama a chinnfidh an t‐údarás inniúil, ach nach faide í ná na uastréimhse 5 bliana a leagtar síos sa dara fomhír de mhír 6.
Airteagal 23 11.
Tabharfaidh an riarthóir fógra don údarás inniúil ábhartha má tharlaíonn sé go sáraíonn aon cheann de na rannchuiditheoirí ceanglais a leagtar amach i mír 6, a luaithe is féidir le réasún.
Airteagal 23 12.
I gcás ina n-aithneofar tagarmharc mar thagarmharc criticiúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20(2), (3), (4) agus (5), ní bheidh sé de chumhacht ag údarás inniúil an riarthóra sonraí ionchuir a éileamh i gcomhréir le mír 5, agus pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 6 den Airteagal seo ach amháin ó rannchuiditheoirí atá lonnaithe ina Bhallstát.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.