+Airteagal 23b Athsholáthar tagarmhairc le dlí an Aontais
---+Airteagal 23b 1.
---+Airteagal 23b 2.
---+Airteagal 23b 3.
---+Airteagal 23b 4.
---+Airteagal 23b 5.
---+Airteagal 23b 6.
---+Airteagal 23b 7.
---+Airteagal 23b 8.
---+Airteagal 23b 9.
---+Airteagal 23b 10.
---+Airteagal 23b 11.

Airteagal 23b Athsholáthar tagarmhairc le dlí an Aontais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23b 1.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

tagarmharcanna a ainmnítear a bheith criticiúil ag gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun phointe (a) nó (c) d’Airteagal 20(1);

(b) 

tagarmharcanna bunaithe ar rannchuidiú na sonraí ionchuir dá mba rud é go gcuirfí isteach go suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais san Aontas mar thoradh ar a scor nó a gclabhsúr; agus

(c) 

tagarmharcanna tríú tír dá mba rud é go gcuirfí isteach go suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais nó riosca sistéamach ann d’fheidhmiú na margaí airgeadais san Aontas mar thoradh ar a scor nó a gclabhsúr.

Airteagal 23b 2.

Féadfaidh an Coimisiún athsholáthair le haghaidh tagarmharc amháin nó níos mó a ainmniú ar choinníoll go bhfuil aon cheann de na himeachtaí seo a leanas tar éis tarlú:

(a) 

tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin ina bhfógraítear nach léirítear a thuilleadh an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin; i gcás tagarmharc arna ainmniú mar chriticiúil ag gníomh cur chun feidhme de bhun phointe (a) nó (c) d’Airteagal 20(1), tabharfaidh údarás inniúil an tagarmharc chriticiúil sin fógra tar éis fheidhmiú na gcumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 23, nach léirítear an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin fós, agus sa chás sin amháin;

(b) 

tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag riarthóir an tagarmhairc sin, nó ag duine atá ag gníomhú thar ceann an riarthóra sin nó rinneadh ráiteas poiblí den sórt sin nó foilsíodh faisnéis den sórt sin, ina bhfógraítear go dtosóidh an riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis, nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar;

(c) 

tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin nó aon eintiteas ag a bhfuil údarás dócmhainneachta nó réitigh ar riarthóir den sórt sin, ina léirítear go dtosóidh an riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe an tagarmhairc sin nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar; nó

(d) 

déanann an t-údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 35, nó an t-aitheantas a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 32(8) nó ceanglaíonn sé go ndéanfar an formhuiniú a scor i gcomhréir le hAirteagal 33(6), ar choinníoll nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann nuair a dhéanfar an tarraingt siar nó an fhionraíocht, nó formhuiniú an scoir, a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar agus tosóidh riarthóir an tagarmhairc sin clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte.

Airteagal 23b 3.

Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, déanfar an t-athsholáthar le haghaidh tagarmharc a chur in ionad na dtagairtí ar fad don tagarmharc i gconarthaí agus in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23a i gcás ina bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis na hionstraimí agus conarthaí sin:

(a) 

nach ann d’fhoráil chúltaca; nó

(b) 

nach ann d’fhorálacha cúltaca oiriúnacha;

Airteagal 23b 4.

Chun críoch phointe (b) de mhír 3, measfar forálacha cúltaca bheith mí-oiriúnach sna cásanna seo a leanas:

(a) 

ní dhéantar foráil leo maidir le hathsholáthair buan le haghaidh tagarmharc ar scor; nó

(b) 

tá gá le toiliú breise ó thríú páirtithe dá gcur i bhfeidhm, ar toiliú é a diúltaíodh; nó

(c) 

déantar foráil leis maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmharc nach léirítear a thuilleadh nó tá difríocht shuntasach ann maidir lena chur i bhfeidhm ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil an tagarmharc ar scor ceaptha é a thomhas, agus go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag a chur i bhfeidhm ar an gcobhsaíocht airgeadais.

Airteagal 23b 5.

Le hathsholáthair le haghaidh tagarmhairc a comhaontaíodh mar ráta cúltaca conarthach, ní léirítear a thuilleadh nó ímítear go suntasach ón mbunmhargadh nó ón bhfíorchás eacnamaíoch atá an targarmharc ar scor ceaptha a thomhas, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh drochthionchar leis an gcur i bhfeidhm sin ar chobhsaíocht airgeadais sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina mbunaítear í ag an údarás náisiúnta ábhartha ar bhun mheasúnú cothrománach ar chineál sonrach de shocrú conarthach a cuireadh i gcrích tar éis páirtí leasmhar ar a laghad arna iarraidh sin, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha;

(b) 

tar éis measúnú i gcomhréir le pointe (a), gur chuir ceann de na páirtithe sa chonradh nó ionstraim airgeadais i gcoinne na forála cúltaca a comhaontaíodh de réir conartha 3 mhí ar a dhéanaí roimh scor buan an tagarmhairc; agus

(c) 

tar éis cur i gcoinne de bhun phoine (b), níor tháinig na páirtithe sa chonradh nó ionstraim airgeadais ar chomhaontú maidir le hathsholáthar malartach le haghaidh tagarmhairc lá amháin oibre ar a dhéanaí roimh scor buan an tagarmhairc sin.

Airteagal 23b 6.
Chun críocha phointe (c) de mhír 4, cuirfidh an t-údarás náisiúnta ábhartha, gan moill mhíchuí, an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoina mheasúnú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5. I gcás ina bhféadfadh an measúnú difear a dhéanamh d’eintitis i níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh údaráis ábhartha na mBallstát sin ar fad an measúnú i gcomhar le chéile.
Airteagal 23b 7.
Ainmneoidh na Ballstáit údarás ábhartha a bheidh in ann an measúnú a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ESMA ar an eolas maidir le hainmniú na n-údarás inniúil faoin 14 Lúnasa 2021.
Airteagal 23b 8.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun athsholáthar amháin le haghaidh tagarmhairc nó níos mó a ainmniú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) i gcás ina bhfuil ceann ar bith de na himeachtaí a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo tar éis tarlú.
Airteagal 23b 9.

Áireofar i ngníomh cur chun feidhme amhail dá dtagraítear i mír 8 an méid seo a leanas:

(a) 

an t-athsholáthar nó na hathsholáthairtí le haghaidh tagarmhairc;

(b) 

an coigeartú corrlaigh, lena n-áirítear an modh chun coigeartú corrlaigh den sórt sin a chinneadh, atá le cur i bhfeidhm maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmharc ar scor ar dháta an athsholáthair le haghaidh gach téarma ar leith chun aird a thabhairt ar éifeachtaí an aistrithe nó an athraithe ón tagarmharc atá le scor go dtí an athsholáthar;

(c) 

na hathruithe riachtanacha comhfhreagracha chun críche comhréireachta a bhaineann le hathsholáthar le haghaidh tagarmhairc a úsáid nó a chur i bhfeidhm agus a bhfuil gá réasúnta leo chuige sin; agus

(d) 

an dáta óna mbeidh feidhm ag athsholáthar nó na hathsholáthairtí le haghaidh tagarmhairc.

Airteagal 23b 10.
Déanfaidh an Coimisiún, agus gníomh cur chun feidhme amhail dá dtagraítear i mír 8 á ghlacadh aige, moltaí maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmhairc, athruithe comhfhreagracha lena mbaineann agus an coigeartú corrlaigh arna ndéanamh ag an mbanc ceannais atá freagrach as an limistéar airgeadra ina bhfuil an tagarmharc ábhartha á scor, nó ag meitheal ráta tagartha mhalartaigh a fheidhmíonn faoi choimirce na n-údarás poiblí nó an bhainc ceannais. Sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán poiblí agus cuirfidh sé na moltaí ó gheallsealbhóirí ábhartha eile san áireamh, lena n-áirítear údarás inniúil don riarthóir tagarmhairc agus ESMA.
Airteagal 23b 11.
D’ainneoin phointe (c) de mhír (5) den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag athsholáthar le haghaidh tagarmhairc arna ainmniú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo i gcás inar chomhaontaigh gach páirtí nó tromlach na bpáirtithe is gá do chonradh nó ionstraim airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23a athsholáthar éagsúil le haghaidh tagarmhairc cibé acu roimh nó tar éis dháta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.