+Airteagal 41 1.

Airteagal 41 1.

Chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

▼B

(a) 

rochtain a bheith acu ar dhoiciméad agus ar shonraí eile ar bith i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a dhéanamh;

(b) 

faisnéis a iarraidh nó a éileamh ó dhuine ar bith a bhfuil baint aige nó aici le soláthar tagarmhairc agus le rannchuidiú le tagarmharc, lena n-áirítear aon soláthróir seirbhíse chuig a mbeidh feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí maidir le soláthar tagamhairc seachfhoinsithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 10, chomh maith lena gcuid príomhaithe, agus más gá, aon duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d'fhonn faisnéis a fháil;

(c) 

faisnéis a iarraidh, maidir le tagarmharcanna tráchtearraí, ó rannchuiditheoirí faoi spotmhargaí gaolmhara de réir, i gcás inarb infheidhme, formáidí caighdeánaithe agus tuarascálacha ar idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe;

(d) 

cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh, ag suímh seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha;

(e) 

dul isteach in áitribh daoine dlítheanacha, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, chun doiciméid agus sonraí eile i bhformáid ar bith a urghabháil, nuair atá amhras réasúnta ann gur ann do dhoiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. I gcás ina bhfuil réamhúdarú ag teastáil ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, is tar éis an réamhúdarú sin a fháil amháin a úsáidfear cumhacht den sórt sin;

(f) 

ceangal a chur maidir le taifid de chomhráite teileafóin, cumarsáidí leictreonacha nó taifid tráchta sonraí eile atá ann cheana agus atá i seilbh eintitis faoi mhaoirseacht;

(g) 

calcadh nó forlámhú sócmhainní a iarraidh, nó an dá cheann;

(h) 

ceangal a chur go scoirfí go sealadach aon chleachtas a mheasann an t-údarás inniúil a bheith mar shárú ar an Rialachán seo;

(i) 

toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtadh;

(j) 

gach beart is gá a ghlacadh lena áirithiú go bhfuil eolas cruinn ag an bpobal ar sholáthar tagarmhairc, lena n-áirítear trína cheangal ar an riarthóir ábhartha nó ar dhuine a d'fhoilsigh nó a scaip an tagarmharc, nó a cheangal orthu araon, ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú maidir le rannchuidithe don tagarmharc roimhe seo nó maidir le figiúirí an tagarmhairc;

▼M6

(k) 

tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(3);

(l) 

i gcás forais réasúnacha le bheith in amhras faoi shárú ar aon cheann de na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 3A de Theideal III, ceangal a chur go scoirfidh riarthóir de na nithe seo a leanas a dhéanamh go ceann uastréimhse 12 mhí:

(i) 

Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar;

(ii) 

úsáid a bhaint as na téarmaí Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras in ainmneacha na dtagarmharcanna a chuireann sé ar fáil lena n-úsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin;

(iii) 

a thabhairt le fios go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme maidir le soláthar na dtagarmharcanna sin in ainm na dtagarmharcanna a chuireann sé ar fáil lena n-úsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.