2. Déanfaidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT rialacha maidir le feidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a baineadh úsáid as a leagan síos nó a dhoiciméadú, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear na rialacha maidir le rochtain ar an mórleabhar dáilte, maidir le rannpháirtíocht na nód bailíochtaithe, maidir le haghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, agus maidir le bainistiú riosca lena n-áirítear aon bhearta maolaithe chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.