8. Maidir le gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh nach gceadaítear dóibh ach amháin MTF DLT a oibriú faoi Airteagal 8(2) den Rialachán seo agus nach léirítear ina straitéisí aistrithe go bhfuil sé ar intinn acu údarú a fháil chun saoráid trádála iltaobhach a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, mar aon le CSD a bhfuil TSS DLT á oibriú aici, déanfaidh siad a ndícheall socruithe a thabhairt i gcrích le gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a bhfuil saoráid trádála iltaobhach á hoibriú acu faoi Threoir 2014/65/AE chun sealbhú a ghlacadh ar a n-oibríochtaí, agus sonróidh siad na socruithe sin ina straitéisí aistrithe.