2. I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE agus, go comhuaineach, ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun MTF DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais sin de Threoir 2014/65/AE ar ina leith a rinne an t-iarratasóir iarraidh ar dhíolúine i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo.