11. Beidh cead sonrach bailí ar fud an Aontais ar feadh tréimhse suas le sé bliana ó dháta na heisiúna. Sonrófar sa chead sonrach na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 4, aon bhearta cúitimh agus aon tairseacha níos ísle arna socrú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(6).
Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA ar an eolas gan mhoill maidir le cead sonrach a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar faoin Airteagal seo, lena n-áirítear aon fhaisnéis a shonraítear faoin gcéad fhomhír den mhír seo.
Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin:
|
(a)
|
liosta de MTFanna DLT, dátaí tosaithe agus críochnaithe na gceadanna sonracha, liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh agus aon tairseacha níos ísle a leagann na húdaráis inniúla síos do gach ceann díobh; agus
|
|
(b)
|
líon iomlán na n-iarratas ar dhíolúintí a rinneadh faoi Airteagal 4, ina sonraítear líon agus cineálacha na ndíolúintí a ghlactar nó a dhiúltaítear, in éineacht leis na boinn chirt d’aon diúltuithe.
|
Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), ar bhonn anaithnid.