+Airteagal 4a
---+Airteagal 4a 1.
---+Airteagal 4a 2.
---+Airteagal 4a 3.
---+Airteagal 4a 4.
---+Airteagal 4a 5.
---+Airteagal 4a 6.
|
Airteagal 4a
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4a 1.
|
Féadfaidh bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta san Aontas, ach amháin sa chás go mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d'infheisteoirí féideartha:
(a)
cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach áirithe a fháil;
(b)
is ionann í agus foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm dheiridh; nó
(c)
is ionann í agus doiciméid chomhdhéanaimh, réamheolaire nó doiciméid tairisceana, ina bhfoirmeacha deiridh, de chuid ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nár bunaíodh fós.
I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, nach gcuimsítear iontu faisnéis leordhóthanach, rud a chuirfidh ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:
(a)
ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh chun suibscríbhinn a ghlacadh in aonaid ná i scaireanna i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach; agus
(b)
níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá sna doiciméid sin ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus go bhféadfadh athrú teacht uirthi.
|
|
Airteagal 4a 2.
|
Ní cheanglóidh údaráis inniúla ar bhainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach fógra a thabhairt d'údaráis inniúla maidir le hábhar nó le seolaithe na réamh-mhargaíochta, ná aon choinníollacha nó ceanglais a chomhlíonadh seachas iadsan a leagtar amach san Airteagal seo, sula dtabharfaidh sé faoin réamh-mhargaíocht.
|
|
Airteagal 4a 3.
|
Áiritheoidh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid nó scaireanna i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach trí ghníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta agus nach bhféadfaidh infheisteoirí a rachfar i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargaíocht ach aonaid nó scaireanna sa chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach sin tríd an margaíocht a cheadaítear faoi Airteagal 16. Ba cheart a mheas gur de thoradh na margaíochta ar aon suibscríbhinn ag infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí tar éis don bhainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tús a chur le réamh-mhargaíocht, le haonaid nó scaireanna de chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach dá dtagraítear san fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhthéacs na réamh-mhargaíochta, nó ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach arna bhunú de thoradh na réamh-mhargaíochta agus ba cheart iad a bheith faoi réir nósanna imeachta fógartha dá dtagraítear in Airteagal 16.
|
|
Airteagal 4a 4.
|
Laistigh de 2 sheachtain tar éis dóibh tús a chur le réamh-mhargaíocht, cuirfidh bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach litir neamhfhoirmiúil, i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha, chuig an údarás inniúil ina Bhallstát baile. Sonrófar sa litir sin na Ballstáit ina bhfuil an réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí agus na tréimhsí ina bhfuil sí á tarlú nó inar tharla sí, beidh cur síos inti ar an réamh-mhargaíocht lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí infheistíochta a cuireadh i láthair agus, i gcás inarb iomchuí, beidh liosta inti de na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arb iadsan nó arbh iadsan ábhar na réamh-mhargaíochta. Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach na húdaráis inniúla de chuid an Bhallstáit ina ndéanann nó ina ndearna an bainisteoir ar an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach an réamh-mhargaíocht ar an eolas go pras. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí a iarraidh go gcuirfeadh údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora ar an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faisnéis bhreise ar fáil maidir leis an réamh-mhargaíocht atá á tarlú nó a tharla ina gcríoch.
|
|
Airteagal 4a 5.
|
Ní thabharfaidh tríú páirtí faoi réamh-mhargaíocht thar ceann an bhainisteora údaraithe ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach áit a bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
), mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar bhainisteoir ar chiste infheistíochta malartach i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó ní ghníomhóidh sé mar ghníomhaire faoi cheangal i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh an tríú páirtí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 4a 6.
|
Déanfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach a áirithiú go ndéanfar doiciméadú leormhaith ar réamh-mhargaíocht.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|