+Airteagal 11
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
|
Airteagal 11
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Beidh cistí dílse leordhóthanacha ag bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i gcónaí, agus úsáidfidh siad acmhainní teicniúla agus daonna leormhaithe agus iomchuí a bheidh riachtanach do bhainistiú chuí na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Beidh EUR 50 000 de chaipiteal tosaigh ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arna mbainistiú go hinmheánach agus ag bainisteoirí seachtracha um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha araon.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Beidh ar a laghad aon ochtú de na forchostais sheasta arna dtabhú ag an mbainisteoir an bhliain roimhe sin ina gcistí dílse i gcónaí. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an ceanglas sin a choigeartú i gcás inar tháinig athrú ábharach ar ghnó an bhainisteora ón mbliain roimhe sin. I gcás nach bhfuil bliain de ghnó curtha i gcrích ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, is éard a bheidh sa cheanglas aon ochtú de na forchostais sheasta atá beartaithe ina phlean gnó, seachas má bhíonn coigeartú ar an bplean sin de dhíth ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile.
|
|
Airteagal 11 4.
|
I gcás inar mó ná EUR 250 000 000 luach na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arna mbainistiú ag an mbainisteoir, cuirfidh an bainisteoir suim bhreise cistí dílse ar fáil. Beidh suim bhreise comhionann le 0,02 % den mhéid atá luach iomlán na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha níos mó ná EUR 250 000 000 .
|
|
Airteagal 11 5.
|
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a údarú gan suas le 50 % de shuim bhreise na gcistí dílse dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar má bhaineann an bainisteoir sin leas as ráthaíocht ar an méid céanna arna thabhairt ag institiúid creidmheasa nó ag gnóthas árachais ag a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát, nó i dtríú tír ina bhfuil sé faoi réir rialacha stuamachta a measann na údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a bheith comhionann leis na rialacha atá leagtha síos i ndlí an Aontais.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Déanfar cistí dílse a infheistiú i sócmhainní leachtacha nó sócmhainní is féidir a chomhshó go héasca ina n-airgead tirim sa ghearrthéarma agus ní áireofar seasaimh amhantracha iontu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|