+Airteagal 15a
---+Airteagal 15a 1.
---+Airteagal 15a 2.
---+Airteagal 15a 3.
---+Airteagal 15a 4.
---+Airteagal 15a 5.
---+Airteagal 15a 6.
---+Airteagal 15a 7.
---+Airteagal 15a 8.
---+Airteagal 15a 9.
---+Airteagal 15a 10.
|
Airteagal 15a
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15a 1.
|
Déanfaidh bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, iarratas ar chlárú na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuSEF” a úsáid ina leith.
|
|
Airteagal 15a 2.
|
Is é údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a dhéanfaidh an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 1 ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a)
rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach;
(b)
faisnéis ar chéannacht na taisce;
(c)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1);
(d)
liosta de na Ballstáit ina bhfuil cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha bunaithe ag na bainisteoirí dá dtagraítear i mír 1 nó ina bhfuil sé ar intinn acu iad a bhunú.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, is do na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá in Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 10, Airteagal 13(2) agus i bpointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 14(1) a chomhlíonadh a thagróidh an fhaisnéis faoi na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá i gCaibidil II a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 15a 3.
|
I gcás nach ionann údarás inniúil ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, fiafróidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cé acu an dtagann nó nach dtagann an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora sin maidir le CIManna a bhainistiú agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 15(2) comhlíonta. Féadfaidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach soiléiriú agus faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir leis an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagra ar fáil laistigh do 1 mhí amháin tar éis dó an iarraidh a chuir údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh isteach a fháil.
|
|
Airteagal 15a 4.
|
Ní cheanglófar ar bhainisteoirí amhail dá dtagraítear i mír 1 faisnéis nó doiciméid a sholáthar atá curtha ar fáil acu cheana féin faoi Threoir 2011/61/AE.
|
|
Airteagal 15a 5.
|
Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht arna fáil i gcomhréir le mír 2 agus tar éis dó aon soiléiriú agus aon fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, cláróidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh ciste mar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach má shásaíonn bainisteoir an chiste sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(2).
|
|
Airteagal 15a 6.
|
Tabharfaidh údarás inniúil chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh fógra don bhainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 á rá cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh an ciste sin mar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis don bainisteoir sin an doiciméadacht ar fad dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.
|
|
Airteagal 15a 7.
|
Beidh clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus ceadófar dá bharr margú a dhéanamh ar na cistí sin ar fud an Aontais faoin sonrúchán “EuVECA”.
|
|
Airteagal 15a 8.
|
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2 a shonrú tuilleadh. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 15a 9.
|
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 15a 10.
|
Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|